Leideanna chun do pháiste a choimeád sábháilte ar an Idirlíon

Leideanna chun do pháiste a choimeád sábháilte ar an Idirlíon

Bíonn rud éigin ina leannán ag gach glúin. Is é an tIdirlíon leannán na glúine seo. Agus tá páistí ag dul ar an Idirlíon agus iad óg. Iontach óg.

Mar thuismitheoir, ba mhaith leat do pháiste a choimeád sábháilte i dtólamh. Tá sé nádúrtha imní a bheith ort faoi úsáid an Idirlín óir thángamar ar ábhar nár chóir do dhuine óg a fheiceáil.

Níor chóir dó sin, áfach, tú féin a choimeád siar ó chead a thabhairt do do pháiste dul ar an Idirlíon ar bhealach slán sábháilte. Baineann 98% de dhaoine óga úsáid as an Idirlíon, agus úsáideann díreach faoi bhun a leathchuid acu gach lá é chun cairde a dhéanamh, chun cluichí a imirt, chun ceol a íoslódáil agus chun obair bhaile a dhéanamh.

Ar an drochuair, áfach, agus in amanna gan chuimhneamh, bíonn páistí ag teacht ar ábhar neamhoiriúnach ar an Idirlíon.

Bíonn cuid mhór ceisteanna ag tuismitheoirí: Cad é mar a chuirim bac ar mo pháiste rochtain a fháil ar dhrochshuíomhanna gréasáin? Cad a dhéanaim má fhaighim amach go bhfuil mo pháiste ag amharc ar ábhar pornagrafach? An rachaidh an tIdirlíon chun tairbhe nó chun míthairbhe do mo pháiste?

Ag plé le Dúshláin Tuismitheoireachta

“Cuimhnigh”, a deir Áine Lynch, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse, “féadtar nach mbeidh deireadh gach eolais agat faoi bhíogaíl, blaganna agus ballaí ach tá fios do ghnóthaí agat faoi thuismitheoireacht agus baineann na prionsabail chéanna leis maidir le rialacha agus teorannacha a shocrú a bhaineann le gnéithe eile de shaol do pháiste.”

Tá píosaí tábhachtacha comhairle ar chóir cuimhneamh orthu de réir mar a ghlacann do pháiste na chéad chéimeanna tábhachtacha sin isteach sa saol ar líne.

Déan tosaíocht de an tIdirlíon a aimsiú le chéile

Ar dtús, déan tosaíocht de go n-aimsíonn sibh an tIdirlíon le chéile. Ba chóir gur tú féin, mar thuismitheoir, a chuireann an tIdirlíon in iúl do do mhac nó d’iníon den chéad uair. Beidh sé níos éasca na heispéiris dhearfacha agus dhiúltacha a roinnt sa todhchaí dá bharr.

Tríd seo a dhéanamh, beidh sé níos éasca teacht ar chomhaontú faoi rialacha tábhachtacha ar úsáid an Idirlín. Cén cineál suíomhanna ar féidir cuairt a thabhairt orthu? Cá fhad agus is féidir le do pháistí fanacht ar líne? Cad iad na suíomhanna nár chóir dul i bhfoisceacht scread asail díbh? Ba chóir duit a mholadh do do pháiste mar chuid den phróiseas seo a bheith cúramach nuair atá eolas pearsanta á nochtadh trí bhéim a chur ar an dóigh ar féidir ábhar, a luaithe agus a fhoilsítear é, a bheith faoi réir gach cineál úsáide neamhúdaraithe.

“Má bhíonn ionchur ag do pháiste agus an comhaontú a fhorbairt maidir lena n-úsáid Idirlín ansin is dóichí go n-amharcfaidh siad ar rialacha agus ar smachtbhanna ar bhealach cothrom agus dá bhrí sin is dóichí go gcloífidh siad leo nó iad a phlé níos moille anonn má shíleann siad gur chóir iad a athrú,” a chuireann Lynch in iúl.

Cuimhnigh nach i gcónaí a bhíonn an locht ar do pháiste má thagann siad ar ábhar míchuí ar líne, mar sin de ná bí ródhian orthu agus iad ag fiosrú an Idirlín – spreagfaidh sé iad a bheith oscailte agus ionraic leat. Má mheasann tú go bhfuil cuid den ábhar mídhleathach, ba chóir duit é a thuairisciú do na gardaí nó do www.hotline.ie.

Cuir in iúl do do pháistí nach mbíonn gach eolas ar líne cruinn agus léirigh dóibh an dóibh leis an eolas a aimsíonn siad a chinntiú. Mol dóibh gur chóir go mbeadh meas acu ar dhaoine eile ar líne de réir an mheasa a mbeifí féin ag dúil leis i saol an uile lae.

Bí Oscailte agus Dearfach

Áirítear le leideanna praiticiúla eile úsáid scagtha mhaith, clár frithvíreas agus balla dóiteáin, agus an ríomhaire baile a chur áit éigin a mbíonn gach duine ag teacht agus ag imeacht uaidh chun follasacht a spreagadh.

Cuimhnigh, is treise i bhfad gnéithe dearfacha an Idirlín ná na gnéithe diúltacha. Sárghléas oideachais atá ann agus is féidir leis cur go mór le foghlaim agus le forbairt do pháiste.

“Mar a bhíonn sé i dtólamh le tuismitheoireacht,” a deir Lynch, leis, “tá sé thar a bheith tábhachtach cumarsáid mhaith oscailte a bheith agat le do pháiste faoin Idirlíon. Tá sé tábhachtach go labhraíonn tú le do pháistí faoi na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ar an Idirlíon chomh maith leis na buntáistí a dtiocfaidh siad orthu.

“Is minic a mhothaíonn tuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste agus iad ag caint lena bpáistí faoin Idirlíon as siocair go mothaíonn siad gurbh fhéidir go mbeadh níos mó eolais ag a gcuid páistí mar a bheadh acu féin. D’fhéadfadh sé seo a bheith ina dheis iontach chun do pháistí a spreagadh le dul i mbun cainte faoina ndéanann siad ar an Idirlíon agus na suíomhanna a dtugann siad cuairt orthu agus iad ar an ríomhaire a thaispeáint duit.”