Leideanna do thuismitheoirí faoin tsiopadóireacht dhigiteach chríonna

Leideanna do thuismitheoirí faoin tsiopadóireacht dhigiteach chríonna

An margadh do ríomhairí pearsanta ag dul i laghad agus an pobal ag caitheamh airgid ar tháibléid agus ar fhóin

Leideanna siopadóireachta críonna do thuismitheoirí

An bhfuil tú ar tí fón cliste, consól cluichí nó ríomhaire táibléid a cheannach do do pháiste?

Má tá tú ag ceannach gléas do do pháiste a bhfuil fáil ar an Idirlíon ann, mar bhronntanas Nollaig nó breithlae, abair, tá ceisteanna le cur agat ar an díoltóir ina thaobh.

Fóin chliste agus páistí

Tá fáil ar an Idirlíon ar an gcuid is mó d’fhóin phóca nó fóin chliste na laethanta seo agus is gearr go mbeidh sé deacair fón a aimsiú nach bhfuil an rogha sin ann.

Nuair a chinneann tú go bhfuil do pháiste in inmhe fón a bheith aige a bhfuil teacht ar an Idirlíon ann, beidh ort labhairt leis faoi i bhfad níos mó ná costas na nglaoch amháin.

Is iomaí deis iontach a chuireann an tIdirlíon ar fáil ach tá baol do pháistí ag gabháil leis freisin.

Cluichí agus an tIdirlíon

Seans gur dóigh le do pháiste gurb é an bronntanas is fearr é consól nua cluichí, ach beidh ort cuimhneamh ar cheisteanna sábháilteachta sula gceannóidh tú é mar tá Wi-Fi agus an chluichíocht ar líne ina ngnáthghnéithe den chuid is mó acu anois chomh maith le ceamara atá in ann ábhar a uaslódáil go sciobtha chuig YouTube nó Facebook.

Seicliosta ceisteanna atá le cur

Tá cúpla ceist le cur agat ar an díoltóir má tá fáil ar an Idirlíon sa ghléas digiteach:

    • Cén chomhairle agus faisnéis sábháilteachta atá ar fáil do thuismitheoirí le haghaidh an fhóin nó an chonsóil cluichí seo?

Faigh amach an bhfuil treoirleabhair ann a chuireann comhairle ar thuismitheoirí nó féach ar an nasc leis an gcuid de shuíomh gréasáin an tsoláthróra seirbhíse a bhaineann le tuismitheoirí.  Cuirfidh gach soláthróir seirbhíse iontaofa comhairle agus gnéithe sábháilteachta ar fáil do thuismitheoirí.

    • An bhfuil rialúcháin tuismitheoirí ann?

Cuirfidh rialúcháin tuismitheoirí ar do chumas pasfhocal a shocrú agus srian a chur ar an ábhar agus ar úsáid an Idirlín.

Déanann tú maoirseacht i gcónaí ar do pháistí ó thaobh a gcomhluadair agus an áit a bhfuil siad agus beidh ort an rud céanna a dhéanamh ar líne le páistí óga.

Caithfidh tú maoirseacht a dhéanamh ar na suíomhanna a dtugann siad cuairt orthu, ar na daoine a chastar orthu ar líne agus ar an méid ama a chaitheann siad ar an Idirlíon.

An bhfuil fáil sa ghléas nó san fhón seo ar sheomraí comhrá nó ar sheomraí cluichíochta ar líne inar féidir le húsáideoirí a bheith ag cabaireacht lena chéile?

Níor chóir do pháistí óga páirt a ghlacadh i seomra comhrá nó cluichíochta nach ndéantar maoirseacht orthu.

    • An féidir liom an fón a chlárú chun úsáide ag páiste?

Má chláraíonn tú an fón chun úsáide ag páiste, ní bheidh do pháiste in ann teacht ar ábhar atá rátaithe do dhaoine 18 mbliana d’aois nó níos sine nó ar ábhar nach bhfuil oiriúnach do pháistí.

    • An bhfuil scagaire ann a chuirfidh bac ar ábhar dochrach agus cén chaoi a gcuirfidh mé ar siúl é?

Ní mór do gach oibritheoir móibíleach scagaire Idirlín a chur isteach i sás láimhe an fhóin a chosnóidh páistí ar ábhar dochrach. Tuige nach n-iarrfá ar an díoltóir a thaispeáint duit cén chaoi an scagaire a chur ar siúl?

    • An bhfuil Bluetooth cumasaithe ar an gconsól cluichí nó ar an bhfón?

Má tá Bluetooth cumasaithe ar fhón do pháiste, mar shampla, is féidir go bhfaighidh sé teachtaireachtaí gan iarraidh ó dhaoine eile ina ngaobhar a bhfuil an Bluetooth cumasaithe ar a ngléasanna siadsan. D’fhéadfaí go mbeadh faisnéis phearsanta, liosta teagmhálacha mar shampla, i mbaol dá dheasca.

    • An bhfuil na cluichí a ghabhann leis an gconsól rátaithe ag PEGI (Pan-European Games Information) mar neamhoiriúnach do pháistí?

Is é PEGI an córas uile-Eorpach a rátaíonn ábhar cluichí de réir aoise. Tá 49% de chluichí oiriúnach do GACH úsáideoir beag beann ar aois, ach tá roinnt ann nach bhfuil oiriúnach ach do pháistí níos sine nó do dhéagóirí, nó do dhaoine fásta amháin fiú. Tacaíonn Microsoft, Nintendo agus Sony le rátaí PEGI. Bí ag faire amach ar an ráta PEGI ar na cluichí a cheannaíonn tú.

    • An bhfuil scagaire aipeanna ann?

Is féidir aipeanna a aithníonn aghaidheanna, a chlibeálann ainm duine i ngrianghraif nó a bhaineann le logsheirbhísí a íoslódáil ar fhóin nó a chur le suíomhanna gréasáin a úsáideann páistí. Iarr ar an díoltóir a thaispeáint duit cén chaoi a n-oibríonn socruithe an ghléis agus faigh amach an féidir leat a bheith cinnte nach mbeidh aon bhogearra nach bhfuil oiriúnach ó thaobh aoise de le fáil ag páistí óga.

    • An bhfuil ceamara sa ghléas seo a fhéadann ábhar a uaslódáil, ainmneacha a chlibeáil nó an áit a bhfuil an t-úsáideoir a aithint?

Is mór an spórt é do dhaoine óga a bheith in ann grianghraif a thógáil agus a roinnt, ach seans go mbeidh ort teorainn a chur leis an áit a bhfuil cead acu grianghraif a uaslódáil go dtí go mbeidh siad aibí go leor le go dtuigfidh siad céard is faisnéis phearsanta ann agus cén fáth nár cheart go mbeadh sí postáilte in áit a bhfeicfidh an saol mór í.