Mínithe: Cad é YouTube?

Mínithe: Cad é YouTube?

alt

Seirbhís roinnte físeán is ea YouTube trínar féidir le húsáideoirí féachaint ar fhíseáin, a chur in iúl gur maith leo iad, iad a chomhroinnt, teachtaireachtaí a fhágáil leo agus a gcuid físeán féin a uaslódáil. Is féidir teacht ar an tseirbhís físeáin  ar ríomhairí, ar ríomhairí glúine, ar tháibléid agus ar fhóin phóca.

Cad iad príomhfheidhmeanna YouTube?

  • Is féidir le húsáideoirí físeáin a chuardach agus féachaint orthu
  • Cruthaigh cainéal pearsanta YouTube
  • Uaslódáil físeáin chuig do chainéal
  • Léirigh gur maith leat físeán/fág teachtaireacht/comhroinn físeáin eile ar YouTube
  • Is féidir le húsáideoirí liostáil le cainéil agus le húsáideoirí eile YouTube agus iad a leanúint
  • Cruthaigh seinnliostaí chun físeáin a eagrú agus físeáin a chur le chéile

Cén fáth a dtaitníonn YouTube le déagóirí?

Is seirbhís é YouTube  atá saor in aisce le húsáid agus d’fhéadfadh an-tairbhe a bheith leis do dhéagóirí chun teacht ar rudaí a thaitníonn leo. I gcás go leor daoine óga, úsáideann siad YouTube chun féachaint ar fhíseáin cheoil, ar chláir ghrinn, ar threoracha maidir le conas rudaí a dhéanamh, ar oidis, ar thacaí saoil, agus ar neart eile. Úsáideann déagóirí an tseirbhís roinnte físeán freisin chun na físbhlagálaithe is fearr leo a leanúint, agus chun clárú le húsáideoirí eile YouTube agus le daoine mór le rá a bhfuil spéis acu iontu.

An bhfuil aoisteorainn ann chun YouTube a úsáid?

Chun cuntas YouTube a bhunú caithfidh úsáideoirí a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad. Mar sin féin ní gá d’úsáideoirí síniú isteach chun an suíomh idirlín a oscailt ná chun féachaint ar fhíseáin. Tá leagan YouTube do leanaí ann anois áfach agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce. Dearadh YouTube Kids faoi choinne leanaí atá  idir 3-8 mbliana d’aois agus anois tá sé níos fusa do leanaí agus do thuismitheoirí teacht ar ábhar a bhfuil suim acu ann. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin aip YouTube Kids.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Is áis iontach é YouTube chun rudaí nua a aimsiú, rudaí a fhoghlaim agus teacht ar shiamsaíocht. Mar sin féin, ba cheart do thuismitheoirí agus do dhéagóirí a bheith ar an eolas faoi rudaí áirithe agus an tseirbhís in úsáid acu.

YouTube

Ábhar Míchuí

Bíonn YouTube in úsáid ag breis is billiún úsáideoir. Déantar thart ar 300 uair an chloig d’fhíseáin a uaslódáil gach nóiméad, ach níl an t-ábhar ar fad oiriúnach do leanaí.

Mar sin féin, is féidir leatsa an baol a laghdú go dtiocfadh do leanbh ar ábhar míchuí. Má fheiceann tusa nó do leanbh rud éigin míchuí, is féidir le húsáideoirí an físeán a thuairisciú do YouTube. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ábhar míchuí a thuairisciú téigh chuig: google.com/youtube/

An Chibearbhulaíocht

Faraor, bíonn teachtaireachtaí diúltacha á scríobh faoi dhaoine uaireanta nó déantar bulaíocht orthu ar an tseirbhís, go háirithe ar rannán na dteachtaireachtaí (is féidir le húsáideoirí YouTube teachtaireachtaí a fhágáil ar fhíseáin úsáideoirí eile). Má tá cainéal nó próifíl YouTube ag do leanbh, b’fhéidir gur smaoineamh maith é a mholadh dó/di teachtaireachtaí a dhíchumasú ar an bpróifíl/ar an gcuntas sin. Is féidir é sin a dhéanamh go héasca sna socruithe, agus cabhraíonn sé an baol a laghdú go scríobhfaí teachtaireachtaí diúltacha faoi do leanbh. Má tá ciapadh á dhéanamh ar do leanbh ar YouTube, is féidir leat bac a chur ar úsáideoirí agus tuairisc a thabhairt fúthu.

Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi thuairisc a thabhairt faoi úsáideoirí agus bac a chur orthu

Bac ar Úsáideoirí: google.com/youtube/block

Tuairiscigh Mí-úsáid: youtube.com/reportabuse

Leideanna chun do Leanbh a choimeád sábháilte ar YouTube

Socruithe Príobháideachais a Bhainistiú

Nuair a uaslódálann úsáideoir físeán ar YouTube, tá an físeán socraithe go poiblí trí réamhshocrú, rud a chiallaíonn gur féidir le haon duine an físeán a fheiceáil. Ag brath ar aois do linbh, ba cheart duit na socruithe is fearr a úsáid a phlé má tá do leanbh ag uaslódáil píosaí scannáin ar YouTube. Is furasta duit físeáin a athrú go dtí príobháideach nó neamhliostaithe (foilsithe ar YouTube ach ní féidir an físeán a fháil gan nasc díreach chuig an bhfíseán).

Féadfaidh tú cuireadh a thabhairt freisin do dhaoine féachaint ar d’fhíseáin ag úsáid Google Circles. Tabhair faoi deara, go gcaithfidh tú do chainéal a nascadh le Google+ má theastaíonn uait físeán príobháideach a chomhroinnt le húsáideoirí eile. Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar conas cainéal YouTube a nascadh le próifíl Google+.

Teachtaireachtaí a dhíchumasú ar YouTube

Tugann YouTube cead duit teachtaireachtaí a dhíchumasú go hiomlán ar fhíseáin nó tá rogha ag úsáideoirí gach teachtaireacht a cheadú sula bhfoilsítear iad; cuidíonn sé sin chun an baol a bhaineann le cibearbhulaíocht a sheachaint.

Mód Sábháilteachta a Úsáid

 mód sábháilte ag YouTube, agus tugann sé sin deis d’úsáideoirí bac a chur ar ábhar do dhaoine fásta.  Socrú roghnach é, rud a chiallaíonn nach mbeidh feidhm aige nó go gcasann tú ar siúl é.  Scagann an socrú torthaí cuardaigh chun físeáin a bhaint ina bhfuil ábhar do dhaoine fásta nó físeáin lena ngabhann srian aoise. Mar thoradh air sin, ní thiocfaidh a leithéid d’ábhar aníos i gcuardaigh físeáin, i bhfíseáin ghaolmhara, i seinnliostaí, i seónna ná i míreanna scannáin. Cé nach bhfuil aon chóras scagtha 100 faoin gcéad cruinn, molaimid do thuismitheoirí ag a bhfuil leanaí óga an ghné seo a chumasú.