Mínithe: Cad is YouNow ann?

Mínithe: Cad is YouNow ann?

Aip agus suíomh Idirlín beoshruthaithe saor in aisce is ea YouNow. Is féidir le húsáideoirí clárú i gcomhair cuntais lena bhfíseáin féin a chraoladh nó díreach breathnú ar chraoltaí beo úsáideoirí eile. Is féidir cur síos a dhéanamh ar an aip mar mheascán idir an suíomh roinnte físeán YouTube agus an aip bheoshruthaithe a bhfuil an-tóir air Periscope.

Cad is féidir leat a dhéanamh ar YouNow?

  • Breathnú ar fhíseáin bheo, haischlibeanna atá ag treochtáil, catagóirí agus craoltóirí a bhrabhsáil
  • Físeáin bheo a chraoladh
  • Craoltóirí/leantóirí eile a leanúint agus labhairt agus nascadh leo
  • ‘Is maith liom’ a thabhairt agus tráchtanna a dhéanamh ar fhíseáin
  • Ceannacháin san aip a dhéanamh (Is féidir le húsáideoirí bronntanais a cheannach do leantóirí eile)

Cén fáth a dtaitníonn sé le déagóirí?

YouNow

Úsáideann a lán déagóirí an aip chun na buanna atá acu a chraoladh, mar shampla, bíonn móréileamh ar chraoltaí damhsa agus ceoil. Lena chois sin is féidir le déagóirí an aip a úsáid chun comhairle a fháil agus chun ceisteanna a chur. Tá fiú haischlib #bored ann a mbíonn an-tóir air i measc déagóirí. I measc haischlibeanna eile a bhfuil an-tóir orthu, rud is ait, tá #sleepingsquad ina gcraolann daoine iad féin agus iad ina gcodladh.

I measc na rudaí a thugamar faoi deara faoin ábhar a phostálann déagóirí tá go gcraolann a lán díobh óna seomraí leapa é. Molaimid duit a bheith cúramach i gcónaí faoi eolas pearsanta a roinnt ar líne.

I gcomparáid le haipeanna beoshruthaithe eile, mar shampla Facebook Live nó Periscope ina ngabhann úsáideoirí tráthanna ó imeachtaí nó gearrthóga óna saol de ghnáth, is gnách go gcraolann úsáideoirí YouNow sruthanna fadfhoirme thar chúpla uair.

An méid nach mór a bheith ar eolas agat?

  • Ní mór d’úsáideoirí a bheith 13+.
  • Ní chaithfidh cuntas a bheith ag úsáideoirí chun breathnú ar fhíseáin úsáideoirí eile, rud a chiallaíonn gur féidir le duine ar bith dul chuig an suíomh agus breathnú ar ábhar (cosúil le YouTube). Más mian le húsáideoirí a bhfíseáin féin a chraoladh, ní mór dóibh clárú le haghaidh cuntais ag baint úsáid as cuntas Facebook, Instagram, Twitter nó Google+.
  • Cuireann an aip cosc ar nochtacht, bulaíocht, caint gháirsiúil, etc. Mar sin féin, ba cheart go dtuigfeadh úsáideoirí cineál do-thuartha an bheoshruthaithe, agus bíonn sé deacair monatóireacht a dhéanamh air dá bharr sin. Ní mór a bheith ar d’airdeall agus an aip á húsáid agat, d’fhéadfadh roinnt úsáideoirí teacht ar ábhar amhrasach.
  • Is féidir le húsáideoirí úsáideoirí eile a thuairisciú agus a bhlocáil ó bhreathnú ar a sruthanna.
  • Má thagann úsáideoirí ar iompar míchuí, bulaíocht nó iompar eile nach gcloíonn leis na treoirlínte pobail, molann YouNow úsáideoirí a mharcáil, a thuairisciú nó a bhlocáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le húsáideoir eile a thuairisciú téigh chuig: younow.zendesk.com/report

Má tá an aip á húsáid ag do leanbh mholfaimis na pointí seo a leanas a phlé leo:

  • Molann an aip dá cuid úsáideoirí leasainm a roghnú in áit a bhfíorainm féin a thabhairt. Ná roinn fíorainmneacha, sonraí teagmhála ná suíomhanna ar an aip.
  • Gach seans nach dtuigeann a lán úsáideoirí an méid eolais a thugann siad ar fhíseán gan rud ar bith a rá fiú, bíodh sé ó shonraí i gcúlra d’fhíseáin nó ó éadaí scoile a chaitheamh a léiríonn an scoil ar a bhfreastalaíonn siad. Smaoineamh maith atá ann do leanbh a chur ar an eolas faoi sin.
  • Cuir i gcuimhne do do leanbh chomh héasca is atá sé do dhuine éigin gabháil scáileáin de phíosa físe a ghlacadh nó píosa físe ar scáileán a thaifeadadh. Is féidir taifeadadh a úsáid chun bulaíocht nó ciapadh a dhéanamh ar úsáideoirí i roinnt cásanna.
  • Seiceáil an bhfuil do leanbh ar an eolas faoi na huirlisí tuairiscithe agus blocála ar an aip.
  • Spreag do leanbh le bheith ar an eolas faoi na treoirlínte pobail agus na téarmaí úsáide.
  • Tuigimid gur féidir leis an aip seo aird gan iarraidh a tharraingt agus mholfaimis d’úsáideoirí óga ar bith smaoineamh go cúramach agus an aip seo á húsáid acu.

Cad a tharlaíonn d’fhíseáin nuair a bhíonn an craoladh críochnaithe?

Sábháiltear do chraoladh is déanaí ar do leathanach próifíle i gcónaí. I ngach cás eile, déantar craoltaí a scriosadh i ndiaidh trí lá, murar comhpháirtí thú. Más comhpháirtí thú, ní scriosfar do chraoltaí. Tá an rogha agat i gcónaí craoladh ar bith ar do phróifíl a scriosadh. Tá craoltaí cartlainne ar fáil ar aip agus suíomh Idirlín YouNow .

Faisnéis Bhreise

Treoirlínte Pobail: younow.zendesk.com/Community-Guidelines

Comhairle YouNow do Thuismitheoirí: https://www.younow.com/policy/en/parents