Mínithe: Físchomhrá, MSN, Skype agus Tuilleadh

Mínithe: Físchomhrá, MSN, Skype agus Tuilleadh

Lasmuigh de Facebook agus Twitter, an dá shuíomh gréasáin líonraithe shóisialta is mó úsáid atá ar fáil d’aos óg na hÉireann i láthair na huaire, tá roinnt suíomhanna eile a shílimid ar chóir duit a bheith ar an eolas fúthu.

De réir mar a thagann athrú ar an teicneolaíocht agus de réir mar a théann sí chun cinn, éiríonn suíomhanna nua beo i dtólamh agus ar an ábhar go bhfuilimid an-idirnasctha ar líne, is minic a bhíonn tóir mhór ar na suíomhanna nua, go gasta.

Mar gheall air seo, is minic a bhíonn dúshláin nua roimh thuismitheoirí agus iad ag iarraidh a bpáistí a choimeád sábháilte ar líne.

Anseo, tá deireadh gach eolais ag Webwise duit ar chuid de na suíomhanna gréasáin eile a bhfuil tóir ag an aos óg orthu.

Amharctar freisin ar dhá shuíomh gréasáin ar chóir de do chuid páistí fanacht i bhfad ar shiúl uathu.

Skype

Bogearra saor in aisce is ea Skype is féidir le daoine a íoslódáil ar a bhfóin phóca, ríomhaire nó teilifíseán chun glaonna, físghlaonna agus téacsanna a chur ar líne.

Ligeann sé d’úsáideoirí glaonna saor in aisce a chur ar a chéile cibé áit sa domhan ina bhfuil siad.

Le déanaí, chuir Skype, ar le Microsoft é, gné glao grúpa leis agus anois is féidir le cúpla duine a bheith páirteach i nglao.

Má íoctar táille, is féidir le húsáideoirí scairt a chur ar fhóin phóca agus ar línte talún freisin.

Le déanaí d’éirigh Skype, a bhfuil tóir ag gach aoisghrúpa air, iontach tábhachtach do theaghlaigh a bhfuil gaolta leo thar lear mar gheall ar a chomhéadan so-úsáidte duine le duine agus anois fiú tá stáisiúin nuachta ar an teilifíseán á úsáid chun agallamh a chur ar dhaoine i gceantair chogaíochta.

Le linn na mbuaic-uaireanta, bíonn 40 milliún úsáideoir Skype ar líne agus tá an tseirbhís ag fás i dtólamh mar mhalairt ar ghlaonna costasacha fad-achair ar fhóin phóca nó ar línte talún.

Tá rioscaí ann, áfach, leis an tseirbhís nuair a bhaineann sé leis an aos óg.

Ligeann Skype do dhaoine nach bhfuil ar do liosta teagmhála scairt a chur ort agus ciallaíonn sé sin gur féidir le duine ar bith, a luaithe agus a bhíonn na sonraí teagmhála acu, teagmháil a dhéanamh leis an duine óg tríd an suíomh a úsáid.

Is é seo an réamhshocrú ach is féidir é a athrú ar tháb roghanna Skype.

Ar an dóigh chéanna ar chóir d’úsáideoirí Facebook a bheith ar a n-airdeall faoi dhaoine a chur leis nach bhfuil aithne acu orthu, ba chóir do lucht úsáide Skype a bheith cinnte go bhfuil na hiarratais teagmhála dílis.

Mar is amhlaidh le gnáthchumarsáid, tá baol ann gur ann do chreachadóirí, mangairí camscéimeanna, agus daoine atá ag ligean orthu féin gur daoine eile iad, a dhéanfaidh iarracht buntáiste a bhreith ar pháistí ar Skype.

Féadtar an chibearbhulaíocht a dhéanamh ar an tseirbhís freisin.

Molann Webwise duit go n-amharcann tú ar fhéidearthachtaí le Skypito, réiteach sábháilte comhrá ar an Idirlíon le haghaidh páistí. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cliceáil anseo.

MSN/Windows Live Messenger

Seirbhís do chomhrá meandrach is ea MSN Messenger, ar a dtugtar Microsoft Live Messenger anois.

Cliceáil anseochun réamhrá físe Webwise faoin tseirbhís a fheiceáil

Baintear úsáid as chun comhrá a dhéanamh le teagmhálacha i bhfíor-am, ar an dóigh chéanna ina dtarlaíonn téacsáil, ach amháin go dtarlaíonn Messenger láithreach bonn.

Tá rogha ann freisin a bheith in ann an teagmhálaí a bhfuil tú i mbun idirghníomhaíochta leis a fheiceáil má bhíonn ceamaraí gréasáin ag an mbeirt úsáideoirí.

Cláraíonn daoine don tseirbhís agus déanann siad teagmhálacha trí liostaí teagmhálacha ríomhphoist. Ní féidir leat comhrá a dhéanamh ach leis na daoine a bhfuil nasc déanta agat leo.

Tá feidhmeanna do chomhrá meandrach ag cuideachtaí eile Idirlín. Cuireann Google Mail a fheidhm chomhrá ar fáil dá úsáideoirí agus ligeann Facebook dá úsáideoirí comhrá meandrach a dhéanamh le cairde.

Baineann cuid mhór de na rioscaí céanna a bhaineann le suíomhanna líonraithe shóisialta le comhrá meandrach.

Tá bulaíocht ar líne, an baol ann go ndéanfaidh creachadóirí teagmháil le páistí, chomh maith le himní faoi chúrsaí príobháideachais, i measc na rudaí a bhí mar chuid lárnach den díospóireacht a bhaineann le húsáid cláir chomhrá bheo i measc daoine óga.

Omegle

Suíomh gréasáin nach luaitear ainmneacha leis is ea Omegle ina ligtear do dhuine ar bith físchomhrá nó téacschomhrá a bheith acu le strainséirí.

Ní iarrann an suíomh sonraí ar bith ó úsáideoirí agus ligtear do dhuine ar bith dul i mbun comhrá le daoine eile.

Cé go bhfuil teorainn aoise 13 bliana ar an suíomh, níl aon bhealach ag an suíomh aoiseanna daoine a chinntiú. Is féidir le duine ar bith dul ar an suíomh agus cliceáil tríd chuig an gcomhéadan comhrá.

Cuireann Omegle beirt le chéile i suíomh comhrá bheo le téacs nó le físeán agus téacs.

Ní bhíonn a fhios ag úsáideoirí cé leis a bhfuil siad ag caint.

Bíonn cuid mhór iompair ghnéasach agus lomnochtachta ar Omegle, agus níl sé oiriúnach do pháistí.

Bhí cuid mhór cásanna sna SAM faoi chreachadóirí ag baint úsáide as an suíomh chun teacht ar dhaoine óga.

Chat Roulette

Tá Chat Roulette cosúil le Omegle, ach tá sé níos dírithe ar úsáid ceamaraí gréasáin.

Cuireann sé strainséirí ó fud fad an domhain le chéile i gcomhrá duine le duine.

Mar is amhlaidh le Omegle, is féidir le húsáideoirí imeacht as comhrá, ach a bheith curtha le chéile le duine eile láithreach.

Arís, is féidir le húsáideoirí úsáid a bhaint as an suíomh gan ainm agus ní bhíonn dualgas orthu sonraí ar bith a thabhairt.

Suíomh iontach contúirteach do pháistí is ea Chat Roulette. Ba chóir é a sheachaint.

Ábhar gnéasach atá i gcuid mhór den ábhar agus níl sé oiriúnach do dhaoine óga.