Tá ról lárnach le himirt ag tuismitheoirí chun páistí a choinneáil sábháilte ar líne

Tá ról lárnach le himirt ag tuismitheoirí chun páistí a choinneáil sábháilte ar líne

FacbookOpEd

Is iomaí cor cinniúnach sa saol. An chéad chomaoineach, dul faoi lámh easpaig, fágáil na scoile, pósadh, morgáistí, dul ar scor ón obair. Deasghnátha aistrithe saoil iad uile. Ach tá ceann eile le cur ar an liosta i gcás daoine óga an lae inniu. Clárú ar Facebook

B’fhéidir nach bhfuil a fhios agat é, ach cuireann na suíomhanna líonraithe shóisialta is mó tóir cosc ar dhuine ar bith atá faoi bhun 13 bliana d’aois clárú ann. De thoradh na rialacha sin, tá cuideachtaí líonraithe shóisialta tar éis cloch mhíle eile ar bhóthar na hinmhe a chruthú do pháistí.

Ach tá fadhb bheag amháin ann. In ainneoin na n-aoisteorainneacha, bíonn úsáideoirí Facebook agus Bebo ag éirí níos óige agus níos óige toisc nach bhfuil bealach ar bith ag na suíomhanna gréasáin sin aois duine a dheimhniú. Le déanaí, léirigh figiúir úra dúinn go bhfuil méadú ag teacht ar líon na bpáistí Éireannacha a thugann neamhaird ar na haoisteorainneacha sin nuair a chruthaíonn siad a bpróifílí. Taispeánadh sa staidéar go bhfuil próifílí ag 38 faoin gcéad de pháistí Éireannacha idir 9 mbliana agus 13 bliana d’aois ar an dá shuíomh líonraithe shóisialta is mó.

Níl bealach ar bith ag Facebook ná ag Bebo aois úsáideora a dheimhniú

Tá a fhios ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí nach bhfuil beann ag roinnt ógánach ar rialacha ar bith, cuma an le Facebook iad nó nach iad, agus b’fhéidir nach bhfuil an fhadhb seo chomh mór céanna leis an ólachán faoi aois, ach is ábhar imní mar sin féin é an úsáid a bhaineann daoine óga as an Idirlíon.

Ní le teann faitís go dtiocfaidh daoine óga ar ábhar pornagrafach nó go meallfaidh creachadóirí iad a shocraíonn cuideachtaí líonraithe shóisialta a n-aoisteorainneacha. Tá rialacha faoi leith i dtíortha faoi leith maidir le bailiú faisnéise pearsanta ó dhaoine óga (13 bliana an aoisteorainn sna Stáit Aontaithe, 14 bliana sa Spáinn). Fágann sin go mbeadh costais ollmhóra riaracháin ag na cuideachtaí móra dá ligfidís do dhuine ar bith próifíl a chruthú beag beann ar aois.

Ach in Éirinn ní shainítear aois faoi leith; braitheann sé ina ionad sin ar rud a dtugtar ‘toiliú feasach’ air. Is éard is brí leis sin ná más rud é go dtuigeann páistí cé lena aghaidh a úsáidfear a gcuid faisnéise pearsanta agus cé aige a mbeidh teacht uirthi, féadfaidh siad féin toiliú lena bailiú.

Ach níl ceachtar cur chuige ag obair i gceart.

D’aimsigh an Dr Brian O’Neill agus Thuy Dinh, an bheirt taighdeoirí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a rinne an tuarascáil dar teideal ‘Social Networking Among Irish 9-16 year olds’, go bhfuil próifíl líonra shóisialta ar Facebook nó ar Bebo ag leath na bpáistí idir aon bhliain déag agus dhá bhliain déag d’aois agus ag duine as gach cúigear ag páistí idir naoi agus deich mbliana d’aois. Áitíonn na húdair go léiríonn na torthaí sin nach bhfuil aoisteorainneacha ar líne éifeachtach beag ná mór.

Cé gurb iad na páistí seo againne is fearr a chosnaíonn iad féin ar líne san Eoraip, is ábhar imní freisin é go léirítear sa suirbhé go mbíonn réamhdhéagóirí ag dul sa seans níos mó ó thaobh príobháideachais de. D’fhág 18 faoin gcéad de pháistí na hÉireann idir naoi agus deich mbliana d’aois, an líon is airde in aon aoisghrúpa, a gcuid socruithe príobháideachais gan athrú, sa dóigh go bhfuil a bpróifílí oscailte go poiblí agus gur féidir le haon duine féachaint orthu. Deich faoin gcéad an figiúir i gcás buachaillí agus cailíní idir aon bhliain déag agus dhá bhliain déag d’aois.

Céard a dhéanfaimid faoi mar sin? Ar chóir dúinn scód a ligean lenár bpáistí dul ar shuíomhanna líonraithe shóisialta mar a bhfuil an seans go bhfeicfidh siad rud éigin nach bhfuil oiriúnach dóibh? Nó ar chóir dúinn reachtaíocht a thabhairt isteach a cheanglóidh ar na suíomhanna gréasáin sin aoisteorainneacha a fhorfheidhmiú sa chaoi nach gcruthóidh daoine óga próifílí ann?

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/Social-Networking-Among-Irish-9-16-year-olds.pdf”]

Dar le moltaí beartais a rinne roinnt socheolaithe le déanaí, is féidir gurb é an bealach is éifeachtaí sábháilteacht a fheabhsú ar líne ná deireadh a chur le haoisteorainneacha ar shuíomhanna líonraithe shóisialta. Áitíonn siad go mbíonn daoine óga ag teacht timpeall ar na rialacháin agus na rialacha príobháideachais atá ann faoi láthair ar aon nós toisc go bhfuil siad ródheacair a thuiscint. Agus léiríonn na figiúirí nua sin ó lucht taighde Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath go bhfuil an ceart acu.

Dúirt Mark Zuckerberg, an té a bhunaigh Facebook, mí na Bealtaine seo caite gur mhaith leis timpeallacht líonraithe shóisialta atá sábháilte agus oideachasúil a chruthú le haghaidh páistí atá faoi bhun 13 bliana d’aois. Ach tharraing sé siar ón méid sin nuair a chuir brústocairí agus polaiteoirí i Meiriceá ina éadan, agus níorbh aon ionadh é, ag iarraidh ar Facebook tuilleadh a dhéanamh chun cosc a chur ar pháistí clárú ann.

Spéisiúil go leor, aimsíodh sa tuarascáil go bhfuil tuismitheoirí ag glacadh páirt níos gníomhaí ná riamh san úsáid a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon. Chuir 30 faoin gcéad de pháistí idir aon bhliain déag agus dhá bhliain déag d’aois in iúl nach bhfuil cead acu dul ar shuíomhanna líonraithe shóisialta ach amháin nuair a bhíonn a dtuismitheoirí ag déanamh maoirseachta orthu. 16 faoin gcéad an figiúr sin i gcás páistí idir naoi agus deich mbliana d’aois. Táimid ag feiceáil freisin go mbíonn tuismitheoirí ag cabhrú lena bpáistí leathanaigh líonraithe shóisialta a chur ar bun le súil is go mbeidh siad in ann an chaoi a n-úsáideann a bpáistí iad a rialú.

Ansin tá réiteach na faidhbe. Is iad tuismitheoirí na réiteoirí is tábhachtacha, ní cuideachtaí ná reachtóirí. Cé go mbeadh fáilte roimh thionscnaimh nua bheartais, is ag tuismitheoirí is fearr atá a fhios cé acu an bhfuil a bpáistí in inmhe a bhfuil i gceist leis an líonrú sóisialta a thuiscint nó nach bhfuil. Is féidir le tuismitheoirí na buntáistí agus na míbhuntáistí a mheas iad féin agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh.

Is é bun agus barr an scéil é gur dlúthchuid de shaol mórán páistí faoi bhun 13 bliana é an líonrú sóisialta anois agus gur cuma cén chaoi a n-airímid faoi sin. Níl mórán socruithe príobháideachais ná sábháilteachta ann i ndáiríre a ullmhóidh páiste le haghaidh na gcineálacha idirghníomhaíochta sóisialta go léir a aimseoidh siad ar na suíomhanna seo. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin ag ceapadh go bhfuil ag éirí le haoisteorainneacha. Is éard a chaithfimid a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an scéal mar atá agus múineadh dár bpáistí ar scoil agus sa bhaile cén chaoi an líonrú sóisialta a dhéanamh go sábháilte.