Covid 19: Comhairle do Thuismitheoirí maidir le Sábháilteacht ar Líne

Covid 19: Comhairle do Thuismitheoirí maidir le Sábháilteacht ar Líne

Cuireadh isteach gur mór ar shaol an teaghlaigh mar thoradh ar an tréimhse dhúshlánach seo agus tá tuismitheoirí agus leanaí ag caitheamh níos mó ama sa bhaile agus ar líne dá bharr. Is iomaí buntáiste a chuireann gléasanna digiteacha ar fáil, bíodh sin ag cabhrú le leanaí leanúint ar aghaidh lena n-oideachas tríd an gcianfhoghlaim, teagmháil a dhéanamh lena gcairde agus a ngaolta ag úsáid na meán sóisialta, nó leas a bhaint as an teicneolaíocht le haghaidh siamsaíochta, cuir i gcás cláir a shruthú ar Netflix nó YouTube.

 

Cé go mbíonn cúinsí ar leith ag gach uile theaghlach, bíonn an imní chéanna ar gach tuismitheoir maidir leis an úsáid a bhaineann a leanbh as an teicneolaíocht. Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí cothromaíocht a bhaint amach idir gníomhaíochtaí ar líne agus as líne agus caidreamh dearfach a chothú leis an teicneolaíocht agus leis an idirlíon?

Seo roinnt céimeanna simplí chun an tsábháilteacht ar líne a bhainistiú sa bhaile.

1. Gabh i mbun an Chomhrá

Tá cumarsáid oscailte agus leanúnach le leanaí ar cheann de na bealaí is éifeachtaí le cinntiú go mbeidh taithí dhearfach ag do leanbh nó do dhéagóir ar líne. Labhair leo faoina ndéanann siad ar líne, agus cuir in iúl dóibh gur féidir leo labhairt leat má tharlaíonn aon rud ar líne nach bhfuil siad compordach leis agus nár cheart náire ná eagla a bheith orthu labhairt leat faoi. Má shíleann do leanbh go bhfuil siad ábalta labhairt leat faoina gcuid gníomhaíochtaí ar líne gan aon bhreithiúnas, agus gan eagla faoi na hiarmhairtí, beidh siad níos ionraice leat sa deireadh thiar agus beidh siad níos ullmhaithe le dul i ngleic le heispéiris dhiúltacha.

I gcás tuismitheoirí a bhfuil leanaí óga acuníl sé róluath riamh smaoineamh faoi shábháilteacht do linbh ar líne. Fiú mura bhfuil sibh ach ag tosú ag foghlaim faoin idirlíon le chéile, bíodh comhrá agaibh faoi na rudaí is tábhachtaí ar cheart a bheith san airdeall orthu agus sibh ar líne, cuir i gcás cé leis a labhraíonn siad ar líne, agus moltaí faoi fhaisnéis phearsanta a roinnt.

 

Más maith leat leideanna a fháil faoi chomhrá a thosú le do leanbh faoin tsábháilteacht ar líne, bain leas as ár n-ábhair chainte áisiúla mar spreagadh don chomhrá sin.

2. Socraigh Rialúcháin Tuismitheoirí

Cuidíonn rialúcháin tuismitheoirí leis an mbaol go bhfeicfidh do leanbh ábhar míchuí ar líne a laghdú, agus is féidir iad a shocrú ar an gcuid is mó de na gléasanna a mbíonn an t-idirlíon orthu, amhail ríomhairí, fóin chliste, táibléid agus consóil chluichí. Is féidir iad a shocrú trí do sholáthróir seirbhíse idirlín, agus ar sheirbhísí ar líne amhail Netflix agus YouTube freisin.

 

Is iomaí bealach ann inar féidir rialúcháin tuismitheoirí a úsáid, mar shampla d’fhéadfá ligean don leanbh breathnú ar ábhar atá oiriúnach dá n-aois amháin, nó monatóireacht a dhéanamh ar úsáid an linbh nó an úsáid sin a chosc. Molaimid do thuismitheoirí rialúcháin tuismitheoirí a úsáid ar gach uile ghléas sa bhaile agus na rialúcháin sin a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta. 

Tabhair faoi deara: I gcás tuismitheoirí a bhfuil leanaí óga acu, tá sé tábhachtach go ndéanfar maoirseacht an-ghrinn ar a ngníomhaíocht ar líne, agus nach dtéann siad ar líne ach amháin nuair atá tú leo.

Is féidir le tuismitheoirí roghanna ‘cuardach sábháilte’ a shocrú ar bhrabhsálaithe freisin, cuir i gcás má bhaineann do leanbh leas as an idirlíon don obair baile, déanfaidh an socrú seo ábhar atá oiriúnach do dhaoine fásta amháin a scagadh amach as na torthaí cuardaigh. Tá rialúcháin saor in aisce i bhfeidhm ar an gcuid is mó de na hinnill chuardaigh chun cuidiú le tuismitheoirí.

 

Conas rialúcháin tuismitheoirí a shocrú

Tús maith is ea an treoir seo chun eolas a fháil ar an tsábháilteacht ar líne, lena n-áirítear conas rialúcháin tuismitheoirí a shocrú ar fhón cliste, ar bhrabhsálaí idirlín, nó ar na seirbhísí sruthaithe is mó tóir.

Cé gur iontach an tacaíocht iad rialúcháin tuismitheoirí, ní féidir a chinntiú go mbeidh siad 100% éifeachtach, mar sin tá sé tábhachtach go labhraíonn tú le do leanbh faoi na rioscaí féideartha agus go mbíonn cumarsáid oscailte agus leanúnach agaibh faoin tsábháilteacht ar líne.

3. An Tréimhse a Chaitear ar Líne - Bain Cothromaíocht Shláintiúil amach

Ar an drochuair, níl aon am ceart ann maidir leis an tréimhse a chaitear ar líne, agus is fiú cuimhneamh freisin go n-úsáideann leanaí a gcuid gléasanna agus a gcuid ríomhairí ar go leor cúiseanna éagsúla – chun rudaí a fhoghlaim, rudaí a chruthú, a bheith ag spraoi, agus le hidirghníomhú lena gcairde. Tá teaghlaigh ag baint leas as an teicneolaíocht ar chúiseanna éagsúla faoi láthair, tá gach uile theaghlach difriúil lena chéile agus beidh éilimh dhifriúla ag teaghlaigh dhifriúla, mar sin féin, is bealach éifeachtach é leis an tréimhse a chaitear ar líne a bhainistiú teorainneacha agus rialacha soiléire a leagan amach. Ní mór duit a chinntiú go léiríonn tú sampla maith agus go leanann tú na rialacha sin freisin.

 

Cuireann Áine Lynch, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na dTuismitheoirí – Bunscolaíocht, comhairle ar fáil do thuismitheoirí faoin gcaoi ar féidir an tréimhse a chaitear ar líne a bhainistiú.

4. Spreag Cumarsáid Mheasúil

Cumarsáid Mheasúil

Pléigh an tábhacht atá le hómós a thaispeáint do dhaoine eile ar líne, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a n-iompar ar dhaoine eile. Spreag iad le machnamh a dhéanamh ar mheon an duine eile, agus conas a mhothaíonn daoine nuair a dheirtear rudaí mailíseacha leo nó nuair a dhéantar gníomhartha nimhneacha ina leith.

 

Spreagtar leanaí a bheith ina n-úsáideoirí idirlín níos freagraí agus níos tuisceanaí nuair a chothaítear comhbhá iontu, ag cuidiú leo a dteorainneacha agus a leibhéil chompoird féin a thuiscint. 

Spreagtar daoine óga le machnamh a dhéanamh ar an mbealach a ndéanann siad cumarsáid lena chéile agus a nascann siad ar líne, agus ar an bhfáth a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaireachtaí sa ghearrscannán is déanaí ón bhfeachtas Ceangailte.

 

Tacaítear leis an bhfeachtas le comhairle faoi chiapadh ar líne agus faoin gcaoi le déileáil leis, agus le comhairle faoin gcumarsáid mheasúil.

5. Labhair Faoi Úsáid Socruithe Príobháideachais

Príobháideachas

Tá leanaí agus déagóirí ag taifeadadh agus ag roinnt neart faisnéise faoina saol ar líne anois, agus seans nach dtuigeann siad na rioscaí atá i gceist leis ná an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar a gcáil ar líne

 

Labhair leo faoin tábhacht a bhaineann lena socruithe príobháideachais a sheiceáil go rialta. Réamhshocraítear neart cuntas le haghaidh líonraí sóisialta go ‘poiblí’, rud a fhágann gur féidir le duine ar bith postálacha agus pictiúir do linbh a fheiceáil. Mar sin féin, is smaoineamh maith é a chur i gcuimhne dóibh gur féidir ábhar a phostáiltear ar líne a chóipeáil go héasca fiú leis na socruithe príobháideachais is doichte, agus go bhféadfaí é a scaipeadh ar dhaoine eile nach bhfuil smacht ar bith acu orthu.

 

Spreag do leanbh le bheith eolach ar na gnéithe blocála agus tuairiscithe ar na hardáin a úsáideann siad. Cuireann an chuid is mó de na suíomhanna gréasáin agus líonraí sóisialta uirlisí ar fáil d’úsáideoirí chun ábhar míchuí agus maslach a thuairisciú.

6. Glac páirt ann – Imir Laochra HTML le chéile!

Is acmhainn iontach é an t-idirlíon do leanaí – bí páirteach leo agus foghlaimígí faoin domhan atá le fáil ar líne le chéile! Bain triail as Laochra HTML, agus cuidigh le do leanbh foghlaim faoin tsábháilteacht ar líne ar bhealach spraíúil agus idirghníomhach.

 

Tá ocht gceacht mar chuid den chlár Laochra HTML: Tús Eolais ar an Idirlíon agus tá fáil orthu go furasta ar líne ón mbaile.  Foghlaimeoidh leanaí faoin tsábháilteacht idirlín le cúnamh ó bheirt charachtar beochana USB, Archie agus Ruby, a dhéanann rapanna mealltacha agus taitneamhacha faoin bhfógraíocht ar líne, faoin tréimhse a chaitear ar líne, faoin gcibearbhulaíocht agus faoin gcaoi a n-oibríonn an t-idirlíon.

IMG0005

7. Amharc ar Acmhainní Eile

Scoilnet

Is é Scoilnet lárshuíomh oifigiúil na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hoideachas na hÉireann. Tá bunachar sonraí ar Scoilnet.ie ina bhfuil de bhreis ar 20,000 acmhainn ar líne lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/fuaim, cluichí agus ilmheáin eile. Is stór ar líne é seo a forbraíodh mar thacaíocht do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus cuireann sé deis ar fáil do mhúinteoirí a gcuid acmhainní teagaisc agus foghlama féin a roinnt agus a uaslódáil.

img008

World Book

Is sraith d’uirlisí cuardaigh ar líne é World Book Online, a bhfuil ailt ó chiclipéidí, bailiúcháin bhunfhoinse, uirlisí oideachasóirí, gníomhaíochtaí daltaí, cluichí oideachasúla, íomhánna, comhaid fuaime agus físeáin mar chuid di agus iad comhlánaithe ag tréimhseacháin reatha agus suíomhanna gréasáin ábhartha.

 

Is féidir an acmhainn a úsáid saor in aisce i bPoblacht na hÉireann trí shuíomh gréasáin Scoilnet.

Screenshot 2020-03-27 at 12.30.21 PM

Treoir do Thuismitheoirí maidir le hIdirlíon Níos Fearr

Is leabhrán do thuismitheoirí faoin tsábháilteacht ar líne de chuid Webwise é Treoir do Thuismitheoirí maidir le hIdirlíon Níos Fearr.

 

Tá comhairle do thuismitheoirí leanaí ag gach uile aois le fáil ann, agus clúdaítear ábhar amhail líonrú sóisialta, an tréimhse a chaitear ar líne, an chibearbhulaíocht agus an ghnéastéacsáil ann.

 

Féadfaidh tuismitheoirí é a fháil agus/nó é a íoslódáil saor in aisce anseo.

Screenshot 2020-03-27 at 1.10.07 PM