Tá roinnt acmhainní múinteoireachta maidir le sábháilteacht Idirlín curtha le chéile ag foireann Webwise. Tá na hacmhainní ar fáil duitse, do do scoil nó do d’eagraíocht saor in aisce. Is féidir iad a úsáid chun cabhrú le daoine óga foghlaim faoin méid a theastaíonn chun na meáin nua a úsáid go sábháilte, go slán agus ar bhealach dearfach. Tá acmhainní breise maidir le sábháilteacht Idirlín ar fáil lena n-íoslódáil ó na leathanaigh Treoirleabhair do Thuismitheoirí agus Beartas Scoile.

Paca Uirlisí Frithbhulaíochta ##Up2Us: Glac na chéad bhearta chun an lámh in uachtar a fháil ar an mbulaíocht i do phobal trí Phaca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us saor in aisce a ordú inniu. Istigh sa phaca uirlisí gheobhaidh tú gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an mbulaíocht, greamáin dhathannacha agus soláthairtí chun feachtais phóstaeir idirghníomhaigh a chruthú. San áireamh freisin tá an Lámhleabhar do Mhúinteoirí ar Fhrithbhulaíocht de chuid #Up2Us ina bhfuil smaointe faoi cheachtanna do OSPS na Sraithe Sóisearaí
Ordaigh cruachóip saor in aisce
Lámhleabhar Webwise do Mhúinteoirí Bunscoile
(ar fáil as Gaeilge): Dearadh Clár Bunscoile Webwise le haghaidh múinteoirí bunscoile ar mian leo sábháilteacht Idirlín a thabhairt isteach san OSPS. Múineann na hacmhainní na scileanna a theastaíonn ó pháistí chun an tIdirlíon a scimeáil. Breathnaítear ar bhealaí le cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach freisin
Ordaigh cruachóip saor in aisce nó
Download Webwise Primary Programme
Think B4U Click
: Rinneadh forbairt ar ThinkB4UClick i gcomhar leis an ICCL. Ceapadh é go sonrach do mhúinteoirí OSPS an Teastais Shóisearaigh. Déanann ThinkB4UClick scrúdú ar cheist an phríobháideachais ar líne ó thaobh cearta agus freagrachtaí ar líne de. Is é príomhaidhm na hacmhainne seo daltaí a chumasú le bheith ina n-úsáideoirí éifeachtacha, féinriartha agus sábháilte ar na meáin nua
Ordaigh cruachóip saor in aisce nó
Download ThinkB4UClick
Be Safe Be Webwise: Acmhainn teagaisc is ea Be Safe Be Webwise a bhfuil mar aidhm aici príomhscileanna sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn i measc daltaí iar-bhunscoile OSPS sa tSraith Shóisearach.
Download Be Safe Be Webwise
Cumarsáid ar Líne le Meas: Mar chuid de Chlár Scoileanna na nGardaí a chuireann Gardaí pobail na cainteanna seo i láthair. Tá na cainteanna i leith “Cumarsáid ar Líne le Meas” dírithe ar dhaltaí i rang a cúig. Clúdaíonn siad raon topaicí lena n-áirítear cibearbhulaíocht agus ceisteanna ginearálta slándála agus sábháilteachta ar líne.
Más mian leat teacht ar cheann de na cainteanna sin, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó le Clár Scoileanna na nGardaí ar 01 6663891.
Web We Want: Lámhleabhar oideachasúil atá ceaptha dóibh siúd idir 13-16 bliana d’aois atá i gceist le Web We Want a forbraíodh i gcomhar le daoine óga. Ach úsáid a bhaint as Web We Want, tig leat níos mó a fhoghlaim faoi do chuid ceart ar líne agus leideanna a chruthú agus a roinnt le daoine óga ar fud an domhain.
Download Web We Want

Nasc le Meas: Arna fhorbairt le Clár Scoileanna na nGardaí, cuidíonn an paca “Nasc le Meas” le daltaí in iar-bhunscoileanna tuiscint a fháil ar an tionchar is féidir le cibearbhulaíocht a imirt ar dhaoine éagsúla, agus a aithint nach féidir glacadh le cibearbhulaíocht.
Más mian leat teacht ar cheann de na cainteanna sin, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó le Clár Scoileanna na nGardaí ar 01 6663891.
Gníomhaíochtaí Lá na Sábháilteachta Idirlín le haghaidh Ranganna Bunscoile: An bhfuil tú ag tóraíocht rud éigin le déanamh le do rang bunscoile chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 a cheiliúradh? Seo chugat é! Seo cúpla gníomhaíocht spraíúil is féidir a thriail le do rang.
**Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé a bheith deacair acmhainní a sholáthar i scoileanna tráth laethanta saoire. Más mian leat d’acmhainní saor in aisce a fháil roimh Mheán Fómhair, tabhair seoladh baile agus uimhir ghutháin phearsanta.**